Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Gradam Ceoil TG4

Scoil Ceoil Thraidisiúnta Ghleann Ghormlaithe – Gradam Comaoine

Athfhriotal

Le ranganna bríomhara seachtainiúla, déantar na céadta daoine a bhaineann le gach cuid den tsochaí, idir óg agus aosta, a thabhairt le chéile i Scoil Ceoil Thraidisiúnta Ghleann Ghormlaithe. Ní féidir na ceoltóirí go léir a cothaíodh sa mhol riachtanach seo le fiche bliain anuas ó bunaíodh é a comhaireamh, agus d’éirigh le go leor acu dul leis an gceol go gairmiúil. Leis na cúrsaí samhraidh a bhíonn ar siúl i nDún na nGall, tugtar deis do dhaoine óga bualadh lena chéile go sóisialta agus ceangal a dhéanamh tríd an gceol, agus cothaítear dáimh ar leith leis an gceol iontu, fad a bhíonn siad ag sealbhú scileanna saoil a thagann as bheith tumtha i saol an cheoil. Is mar thoradh ar dhíograis chroíúil agus ar dhúthracht neamhleithleach atá an Gradam seo tuillte go maith ag GSOTM.