Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Gradam Ceoil TG4

Sorcha Costello – Ceoltóir Óg na Bliana

Athfhriotal

Is onóir nach beag é a bheith áirithe i do cheoltóir traidisiúnta a bhfuil do stíl féin agat i gcontae a bhfuil flúirse sárcheoltóirí ann. Is ceoltóir den chineál sin í Sorcha Costello. Is sa Tulach in oirthear Chontae an Chláir a d’fhás Sorcha aníos, i dteaghlach a raibh an ceol go smior ann. Is ceantar é seo inar tógadh cuid de na ceoltóirí is mó le rá i saol an cheoil thraidisiúnta, an fidléir P.J. Hayes, fidléir agus píobaire Martin Rochford agus Banna Céilí na Tulaí ina measc. Tá oidhreacht shaibhir ceoil ina muintir; is í Mary MacNamara a máthair, bean atá aitheanta as bheith ag seinm ar an gconsairtín, agus téann ginealach ceoil a seanmháthar Ita i bhfad siar. Tá Sorcha ag seinm ceoil ó bhí sí an-óg agus tá a gairm ina ceoltóir faoi bhláth, tar éis di neart duaiseanna a bhuachan ag Fleadh Cheoil na hÉireann, i gcomórtais aonair, sa cheol beirte agus ina ball de bhanna. Is eiseamláir de stíl oirthear an Chláir é ‘The Lady’s Cup of Tea’, an taifead a rinne sí i dteannta a máthar, ina gcloistear an tuiscint dhomhain atá acu ar cheol a chéile. Tá an-tóir ar Shorcha ina múinteoir ar cheol an réigiúin sin freisin mar go bhfuil an-chumas aici an stíl sin a chur ar aghaidh, leis an rithim atá ina chomhartha sóirt uirthi agus an luascadh sa cheol ina gcloistear tionchar thimpeallacht agus thírdhreach Oirthear an Chláir – a chuid sléibhte, portach agus móinéar. TG4 Ceoltóir Óg na Bliana 2021, Sorcha Costello