Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Gradam Ceoil TG4

Steve Cooney – Cumadóir na Bliana

Athfhriotal

Tá i bhfad níos mó i gceist le tuiscint Steve Cooney ar fhoinn na hÉireann ná tionlacan a chur ar fáil don phort amháin. Nach ámharach dúinn gur tháinig na ceangail a bhí aige lena chultúr Bundúchasach agus na naisc a bhí aige le tailte a shinsir i dTiobraid Árann, sa Chabhán agus i nGaillimh go léir le chéile in Iarthar Chiarraí. Tá grá ar leith aige do rithim cheol Chiarraí, agus i dteannta na réime eolais atá aige ar shéis agus ar rithim ceoil, tháinig cineál tionlacain chun cinn nár chualathas riamh roimhe sin ar an ngiotár i gCeol Traidisiúnta na hÉireann. Taobh thiar dá rithim cumhachtach agus dá strumáil cúlbhuille, tá áilleacht ag baint leis an doimhneacht agus an tondath a chruthaíonn sé agus é ag tionlacan fhoinn mhalla agus amhráin na hÉireann. Idir a bheith ag seinm an dordghiotáir le Chuck Berry agus a chuid taifead in éineacht le Seamus Ó Beaglaoich, a bhfuil an-tóir orthu i gcónaí, is éasca an t-údar go raibh baint ag Steve le breis agus 250 dlúthdhiosca a thuiscint, bíodh sé sin ina cheoltóir, ina léiritheoir nó ina innealtóir. Bhí sé mar aidhm ag Steve dlúthdhiosca aonair d’fhoinn Chláirsí na hÉireann a eisiúint agus le linn na bliana 2020, chuir sé amach Ceol Ársa Cláirsí: Tunes of the Irish Harpers for Solo Guitar. Ceiliúradh is ea é ar chumas Steve i leith cóiriú agus cumadh ceoil, mar aon leis an ngrá atá aige d’fhoinn na hÉireann agus don Ghaeilge. Ní hamháin go dtugann Gradam Ceoil aitheantas do dhaoine as an gcumas ceoil atá acu, ach as an méid a dhéanann siad ar mhaithe le ceol agus amhránaíocht na hÉireann agus as an mbealach a gcuireann siad an traidisiún ar aghaidh le haird ag an am céanna ar an traidisiún sin as ar fáisceadh iad. Nach orainne atá an t-ádh gur roghnaigh Steve cur faoi in Éirinn agus a shárcheol a roinnt linn!