Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Gradam Ceoil TG4

Seán Ó Sé – Gradam Saoil

Athfhriotal

Bhain an Corcaíoch Seán Ó Sé cáil amach ar dtús ina amhránaí, nuair a chan agus a thaifead sé an t-amhrán An Poc Ar Buille le Seán Ó Riada agus Ceoltóirí Chualann siar sna 60idí, an t-amhrán is mó atá luaite leis. Ó shin i leith, meastar a ghuth a bheith ar cheann de na guthanna is aitheanta sa tír seo agus ní féidir é a shárú agus é i mbun amhránaíochta.

Ta cumhacht a ghutha imithe ó neart go neart agus é ag canadh ar stáitsí timpeall na tíre agus ar fud na cruinne le breis is 60 bliain. Tá cumas faoi leith aige lucht féachana agus lucht éisteachta a mhealladh agus a chur faoi dhraíocht lena ghuth binn ceolmhar, mar aon leis na scéalta iontacha a bhíonn aige ón tréimhse a chaith sé i rith a shaoil ag canadh le laochra móra an cheoil.

Is fear é a thugann an oiread sin spreagtha agus tacaíochta do cheoltóirí agus amhránaithe, idir óg agus aosta, agus is foinse inspioráide é dúinn ar fad.

Tá sé thar am ag Seán an Gradam seo a fháil as an méid atá déanta aige chun cultúr agus oidhreacht na tíre seo a chaomhnú agus a chur chun cinn ar fud an domhain mhóir lena chuid amhrán agus chun aitheantas a fháil ar an nguth cumhachtach cumasach atá aige.