Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Tá sé deimhnithe anois go bhfuil an tUachtarán Michael D. Higgins le barántas a shíniú inniu le pardún iarbháis a thabhairt do Mhaolra Seoighe a crochadh san éagóir mar gheall ar dhúmharuithe Mhám Trasna, 136 bliana ó shin.  Is san oíche anocht atá an mórscannán faisnéise drámaíochta faoin gcás le craoladh ar TG4.

An tUachtarán le Pardún a Thabhairt Inniu i gcás Mhám Trasna

04.04.18

Síneofar pardún Mhaolra Seoighe in Áras an Uachtaráin inniu, Dé Céadaoin an 4 Aibreán ag 17.00.

Scéal é Murdair Mhám Trasna, fadscannán arna choimisiúnú ag TG4 agus arna chomh-mhaoiniú ag an BAI,  faoi dhúnmharú cúigear den teaghlach céanna i Mám Trasna in Iarthar na hÉireann in 1882 agus an t-iomrall ceartais a lean de bharr fianaise bhréige agus breabaireachta, agus faoin mbaint a bhí ag an gcás le titim rialtas na Breataine ina dhiaidh sin.  San oíche anocht an 4 Aibreán ag 21.30 ar TG4 a thaispeánfar an fadscannán den chéad uair ar an teilifís agus beidh sé ar fáil ar fud an domhain ar sheinnteoir TG4.

Dar le hArdstiúrthóir TG4, Alan Esslemont, , “Is scéal Gaeltachta é seo a bhfuil gné náisiúnta agus idirnáisiúnta ag baint leis, scéal a mbeidh spéis ag lucht féachana TG4 sa bhaile agus thar lear ann ó tharla gur scéal é faoi dhúnmharú, faoin dlí agus faoin bpolaitíocht.  Tá ríméad ar TG4 gur chuidigh an léiriúchán seo leis an bhfeachtas ainm Mhaolra Seoighe a ghlanadh agus cuirfidh sé clabhsúr ar chúrsaí dá dhaoine muinteartha, tá súil againn.

Is cuideachta léiriúcháin as Gaillimh, ROSG, a léirigh Murdair Mhám Trasna. Deir léiritheoir an scannáin, Ciarán Ó Cofaigh, “Táimid thar a bheith sásta le cinneadh an Uachtaráin, ar chomhairle ón Rialtas, pardún a thabhairt sa chás seo. Bhíomar ag súil le linn na scannánaíochta go dtabharfaí pardún dó ach ní raibh súil ar bith againn go dtarlódh sé chomh sciobtha, sula raibh an clár féin craolta fiú. Ní bheidh amhras ar dhuine ar bith a fhéachfaidh ar an scannán ach gurb é an ceart é pardún a thabhairt sa chás seo. Molaimid an tUachtarán Higgins dá dhílseacht féin do chearta bunúsacha daonna agus teanga”.

Is é Colm Bairéad a stiúir Murdair Mhám Trasna atá bunaithe ar an leabhar ‘Éagóir’, a scríobh an tIar-Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin. 

Breis Eolas:

Trevor Ó Clochartaigh – 087 2476624, trevor.o.clochartaigh@tg4.ie

Cuir aithne orainn: