Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Tá ríméad ar TG4, an craoltóir náisiúnta Gaeilge, a fhógairt gurb é an stáisiún Comhpháirtí Meán Cumarsáide an tionscnaimh 20×20 Mná sa Spórt.

Grianghraif: Mary O’Connor, Príomhfheidhmeannach Chónaidhm Spóirt na hÉireann & Gráinne McElwain, Spórt TG4, ag an bhfógairt i bPáirc Parnell.

É fógartha ag TG4 gurb é Comhpháirtí Meán Cumarsáide 20x20 é

10.12.18

Rinneadh an fógra beo le linn Chluichí Craoibhe Pheil na mBan a bheith á gcraoladh ar TG4 ar an deireadh seachtaine.

Aithnítear TG4 leis an tacaíocht atá tugtha ag an gcainéal do mhná i spórt le blianta fada agus bhí sé i dtús cadhnaíochta i dtaobh spórt na mban a chraoladh agus próifíl spórt na mban a mhéadú ó bunaíodh an stáisiún i 1996. Déanfaidh an chomhpháirtíocht meán cumarsáide nua seo an dul chun cinn atá déanta ag TG4 ina leith sin a fhorbairt tuilleadh. Cuirfear leis an méid spóirt do mhná a bheidh le feiceáil ar an stáisiún agus á gclúdach i gcláir an stáisiúin.

Is éard atá i gceist leis an tionscnamh 20×20 ná athrú a thabhairt chun cinn sa meon atá ann i leith cailíní agus mná a bheith ag imirt spóirt. Féachtar leis an gclaontacht sin i sícé na hÉireann maidir le cailíní agus buachaillí, nó mná agus fir a athrú mar a bhaineann le spórt.

D’fháiltigh Ceannasaí Spóirt TG4, Rónán Ó Coistealbha, leis an bhforbairt agus dúirt:

“Tá ríméad ar TG4 tacú leis an bhfeachtas 20×20, tionscnamh iontach é arna reáchtáil ag Cónaidhm Spóirt na hÉireann. Leis an gcomhpháirtíocht seo le 20×20, leantar do thacaíocht an stáisiúin do mhná i spórt tráth a bhfuil tírdhreach iontach spóirt ann. Cuid thábhachtach dár mbeartas forbartha is ea an chomhpháirtíocht leis an LGFA, comhpháirtíocht a bhfuil ag éirí thar cionn léi,  chomh maith leis an gclúdach a dhéanann an stáisiún ar spóirt eile mar camógaíocht, cispheil, leadóg, badmantan, snámh, lúthchleasaíocht agus tuilleadh. Chraol TG4 90 n-uair an chloig de spórt na mban i mbliana ann féin chuig beagnach 1.2 milliún duine. Ina measc bhí imeachtaí beo, buaicphointí, tuairiscí nuachta agus cláir faisnéise. Táimid ag súil cur leis an mbonn láidir sin agus cur leis an méid a bheidh le feiceáil ar TG4 sna blianta atá romhainn chomh maith le feasacht ar spórt na mban a ardú.”

Chuir Mary O’Connor, Príomhfheidhmeannach Chónaidhm Spóirt na hÉireann fáilte roimh an bhfógra go bhfuil TG4 ar tí dul i mbun comhpháirtíochta leis an bhfeachtas 20×20.

“Tá Cónaidhm Spóirt na hÉireann thar a bheith sásta tacaíocht a bheith aici ó TG4 don chuid eile den fheachtas 20×20. Bhí TG4 dílis i gcónaí tacú le spórt in Éirinn agus é a chur chun cinn agus rinne an-obair i dtaobh an chlúdaigh a dhéantar ar spórt na mban.  Táimid thar a bheith sásta iad a bheith ar bord le 20×20, rud atá a fhios againn a chuirfidh go mór leis an bhfeachtas. Trí chuidiú linn cur le hinfheictheacht na mban i spórt sa dá bhliain atá ag teacht, tá siad ag treisiú tuilleadh a dtiomantais mná i spórt a chur chun cinn agus ní fhéadfadh sin ach an feachtas a neartú amach anseo.” 

An ghníomhaireacht cruthaitheachta Along Came a Spider a cheap an tionscnamh 20×20. Maidir le fógra TG4, dúirt Sarah Colgan, an Stiúrthóir Bainistíochta,:

“Tá TG4 aitheanta cheana i dtaobh an ardáin iontaigh a thugann siad do spórt na mban agus cuirfidh an stáisiún go mór le 20×20 mar Chomhpháirtí Oifigiúil Meán Cumarsáide ag an tionscnamh. Mar chraoltóir, níl cur síos ar an tábhacht a bheidh leis an méadú a bheidh ar infheictheacht lúthchleasaithe, foirne agus comórtais na mban agus táimid ag súil oibriú in éineacht le TG4 fad a bheidh an tionscnamh ar bun.”

Is giorrúchán é ainm an tionscnaimh ar 20% faoin mbliain 2020. Sin iad na spriocanna atá leagtha amach ag an bhfeachtas:

Méadú 20% ar an gclúdach a dhéantar sna meáin ar mhná i spórt faoi dheireadh na bliana 2020

Méadú 20% ar rannpháirtíocht na mban i spórt faoi dheireadh na bliana 2020 cibé ag leibhéal imreora, cóitseála, réiteora nó riaracháin

Méadú 20% ar an tinreamh ag cluichí agus imeachtaí spóirt na mban faoi dheireadh na bliana 2020.

Ní tionscnamh é 20×20 atá ar bun ag ‘mná ar mhaithe le mná’ ach tionscnamh a bhfuil ‘an tsochaí uile ar mhaithe leis an uile dhuine sa tsochaí’. ‘Mar a fheictear a dhéantar’ mana an fheachtais.

Chun tuilleadh eolais a fháil ar an bhfeachtas téigh chuig: www.20×20.ie

Nó, déan teagmháil le Sinead Conroy ag sinead.conroy@irishsport.ie

 

Breis Eolas:

Trevor Ó Clochartaigh – 087 2476624, trevor.o.clochartaigh@tg4.ie

Cuir aithne orainn: