Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Tá áthas ar Subaru Ireland a fhógairt go bhfuil socrú déanta ag an gcomhlacht le TG4 agus gur Subaru anois páirtí oifigiúil feithiclí an Chraoltóra Náisiúnta Seirbhíse Poiblí Gaeilge.

Subaru Ireland ina Pháirtí Oifigiúil Feithiclí ag TG4

18.07.18

Cuirfidh Subaru feithiclí ar fáil d’fhoirne meán sóisialta agus Spórt TG4 a bheidh ag craoladh go seachtrach.  Beidh réimse feithiclí ilúsáide agus acmhainneacha ‘life-style Subaru AWD’ den déanamh Forester, Outback agus an XV Crossover úrnua ar fáil don fhoireann le tiomáint i mbun a gcuid oibre.

Ag an seoladh, a reáchtáladh ag Cunningham Autopoint,  díoltóir údaraithe Subaru in Óran Mór, i nGaillimh, deir Sean Dunne ó Subaru Ireland: ‘Tá ríméad agus bród orainn a bheith i bpáirt le TG4 agus gur muid an páirtí oifigiúil feithiclí atá ag an stáisiún. Tugann an Craoltóir Náisiúnta  Seirbhíse Poiblí ardán iontach dúinn réimse Subaru a chur os comhair phobal fadbhunaithe féachana na tíre.’

Deir Ard-Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont a d’fhreastail ar an ócáid: ‘Cuirim fáilte mhór roimh an gcomhpháirtíocht seo idir Subaru & TG4. Bíonn foirne léiriúcháin ar an mbóthar seasta síoraí againn, bíodh siad ag imeachtaí spóirt, ag taifeadadh ócáidí pobail, nó ag soláthar ábhair do na hardáin líneacha agus neamhlíneacha. Cuideoidh na feithiclí den chéad scoth seo ó Subaru le TG4 leanúint den ‘tSúil Eile’ nó malairt dearcadh a chur ar fáil, as níos mó áiteanna fós in Éirinn’.

Le breis eolais a fháil ar réimse feithiclí Subaru, téigh chuig www.subaru.ie.

Breis Eolas:

Linda Ní Ghríofa, TG4 – 087 9172864, Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: