Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Duais na healaíona bronnta ar an scannán Song of Granite ag féile na meán Cheilteach i Llanelli sa Bhreatain Bheag tráthnóna.

Duais eile bronnta ar saothar TG4 - Song of Granite

04.05.18

Scannán é seo faoi shaol agus oidhreacht an fhonnadóra Joe Éinniú, a áirítear ar dhuine de mháistrí an tsean-nóis. Fáisceadh as tobar an dúchais é in Iorras Aithneach in iarthar Ghaeltacht na Gaillimhe agus cé gur sa gcontae sin agus i mBaile Átha Cliath a fuair sé a chuid oideachais, ní fada gur ar imirce a bhí sé agus is thar sáile a chaith sé an chuid eile dá shaol, an chuid is mó de i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Agus é ansin, thuill sé clú agus cáil agus cé gur mhinic é ar cuairt go hÉirinn, mheas sé féin agus ghoill sé air, gur sa tír thall is mó a fuair a chuid amhránaíochta aitheantas agus gradaim.

Duine cumasach casta ab ea Joe agus tugann an saothar seo, ina bhfuil drámaíocht agus gnéithe faisnéise, léargas tuisceanach fírinneach ar a shár-chumas mar amhránaí agus mar scéalaí agus ar a chuid duáilcí freisin mar dhuine agus mar pháirtí agus tuismitheoir.

Orthu sin atá páirteach, tá Macdara Ó Fátharta, Micheál Ó Confhaola, Jaren Cerf, Pól Ó Ceannabháin agus Colm Seoighe. Pat Collins a stiúraigh. Alan Maher, Jessie Fisk agus Martin Paul-Hus a léirigh. Léiríodh an scannán le tacaíocht na scéime atá i bhfeidhm ag Rialtas na hÉireann do scannáin agus do dhrámaíocht teilifíse faoi Alt 481, ón scéim Fuaim & Fís ag Údarás Craolacháin na hÉireann agus ó chistí eile i gCeanada.
Tá an scannán ar fáil anseo https://www.tg4.ie/ga/player/baile/?pid=5761108024001

Deir eagarthóir coimisiúnaithe Proinsias Ní Ghráinne, “léiríonn an duais seo an tábhacht atá le scéimeanna cosúil le Cine4 chun scéalta agus tallann dúchasach a fhorbairt. Tréaslaíonn TG4 leis an bhfoireann cumasach ar fad a bhí ag plé leis an scannán seo.”

Breis Eolas:

Linda Ní Ghríofa, TG4 – 087 9172864, Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: