Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Tá sé fógartha ag TG4, BBC Gaeilge agus Ciste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann go bhfuil an scéim ‘Amharc’ oscailte d’iarratais arís. Rinneadh an seoladh ag Féíle Meán Bhéal Feirste inniú.

ÍOMHA: Laura Ní Cheallaigh (TG4), Damien McCann (Doubleband), Karen Kirby (BBC Gaeilge), Méabh O’Hare (Léiritheoir), Edel Fox (Léiritheoir), Máíre Bhreathnach (Below the Radar) & Áine Walsh (ILBF NI Screen) ag seoladh ‘Amharc’ i mBéal Feirste.

Scéim ‘Amharc’ Oscailte d’Iarratais Arís

16.11.18

Bunaíodh an scéim ‘Amharc’ chun tacú le mórléirithe scannáin fhaisnéise ar shaol agus déantús na n-ealaíon i dTuaisceart Éireann an lae inniu.  Beidh mórshaothair á gcruthú faoin scéim, mórshaothair a chuirfidh le saibhreas phríomhsceideal clár BBC NI agus TG4, agus a thaispeánfar sna hamharclanna.

Beidh gach réimse ealaíne san áireamh agus cé go bhfuil seo dírithe ar shaol agus déantús na n-ealaíon i dTuaisceart Éireann bheadh fáilte roimh iarratais bunaithe ar ealaíontóirí gurbh as Tuaisceart Éireann iad ach atá ag cur futhú in áit éigin eile.  Tabharfar tús áite do shaothar comhaimseartha ach cuirfear san áireamh saothair staire a bhfuil cóiriú agus tábhacht comhaimseartha leo chomh maith.  Is é ‘Hammond: Duais an Dorais’, beathaisnéis ar shaol agus ar shaothar an ceoltóir agus craoltóir Davy Hammond an togra a bhí maoinithe tríd an scéim anuraidh.

Beidh béim ar chóiriú agus ar scéalaíocht atá cruthaitheach nuálach ach a bhfuil modh scéalaíochta ann a mheallfaidh lucht féachana leathan chuige.

£90,000 atá sa phota maoinithe agus táthar ag súil le togra amháin a mhaoiniú.

Mar sin féin, d’fhéadfadh go roghnófaí tograí a bhfuil uaillmhian agus plean airgeadais níos airde ná sin acu ach iad cur isteach ar fhoinsí eile airgid.

Táthar ag súil go seolfar an saothar le taispeántas amharclainne agus/nó ag féilte scannáin.  Beidh deis ann do thréimhse dáileacháin amharclainne sula gcraolfar iad ar TG4 agus ar BBC NI go luath i 2020.

Beidh an scéim á riar ag CCG i gcomhpháirtíocht leis na craoltoirí BBC agus TG4 agus ba chóir go gcomhlíonfadh na tograí seo tosaíochtaí agus aidhmeanna an CCG agus na craoltóirí.

Beidh ionadaithe ón CCG, TG4 agus BBC Gaeilge i mbun roghnú na n-iarratas.

  • Fad na scannán:  50 – 70 bomaite.
  • Buiséad léirithe:  £90,000 an scannán ar a mhéad. (D’fhéadfadh maoiniú breise a bheith ar fáil fosta do mhargaíocht/dáiliú an togra.)
  • Formáid: HD le fotheidil Bhéarla.
  • Teanga: Gaeilge nó dátheangach.
  • Sprioc: Aoine 25ú Eanáir

IARRATAIS:

Seoltar iarratais mar ríomhphost chuig CCG roimh 25ú Eanáir.

Is gá na nithe seo a leanas a bheith istigh leis an iarratas:

  • Foirm choimisiúnaithe ‘Amharc’.
  • Cóiriú cuimsitheach scannáin mar aon le nótaí ar chur chuige físe.
  • Straitéis lucht féachana teilifíse agus amharclainne agus plean i leith dáileadh amharclainne más bainteach.
  • Buiséad léirithe cruinn agus achoimre ar bhuiséad (beidh costas ar ghlanadh cóipchirt ceoil agus ábhair eile, ábhar seachadta agus margaíochta san áireamh).
  • C.V. do bhaill foirne a bheidh ag plé le gnéithe ealaíne an togra – an stiúrthóir, an léiritheoir, an scríbhneoir, an t-eagarthóir.
  • Cruthúnas ar úinéireacht an ábhair le dul i mbun léirithe. Cóip de chomhaontuithe atá déanta le scríbhneoirí agus páirtithe eile más gá.
  • Cruthúnas ó phríomhpháirtithe an togra go bhfuil aontaithe acu tabhairt faoin togra seo.
  • Aon ábhar taca eile.

Táthar ag súil go mbeidh na tograí críochnaithe agus réidh le seoladh ag féilte scannán cuí i 2020 agus go gcraolfar ina dhiaidh sin iad.

Breis Eolas:

Trevor Ó Clochartaigh – 087 2476624, trevor.o.clochartaigh@tg4.ie

Cuir aithne orainn: