Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Tá Aniar TV fíor shásta a fhógairt go bhfuil siad i bpáirt le TG4 agus Temple Bar Company, le sraith 6 chlár de cheol Gaelach a léiriú, a bhéas á dtaifeadadh le linn TradFest 2018 i gcroílár Bhaile Átha Cliath ag deireadh na míosa seo.

Ceol Traidisiúnta agus TG4 i lár an aonaigh le sraith nua: ‘TradFest ar TG4’

05.01.18

TradFest ar bun anois le breis agus 10 mbliana anuas, féile chroíúil a chuireann ceol traidisiúnta i lár an aonaigh, i lár na príomhchathrach ar feadh seachtaine gach bliain. Tá an comhlacht nua-bhunaithe Aniar TV ag súil leis an chuid is fearr den cheol agus den amhránaíocht traidisiúnta as Éirinn agus thar lear a chuir ar fáil do lucht féachana dílis ceoil TG4 sa tsraith úr seo  – TradFest ar TG4.

Beidh na ceolchoirmeacha á dtaifeadadh i láithreacha éagsúla san ardchathair: na Printworks i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, sna Píobairí Uilleann agus in ionaid éagsúla timpeall na cathrach. I measc na gceoltóirí agus na ngrúpaí a bhéas páirteach, beidh  Téada, Frankie Gavin, Blazin’ Fiddles, Shelbey Lynne & Alison Moorer agus go leor leor eile.

“Is iontach an pháirtnéireacht nua seo idir TG4, TradFest & Aniar TV le sraith cheoil traidisiúnta úr a léiriú, a thabharfaidh saibhreas ár dtraidisiúin go scáileáin na teilifíse in Éirinn agus ar fud an domhain. Leanann an ceol traidisiúnta mar sheod draíochta ar sceideal clár TG4 agus leanfaimid linn ag forbairt formáidí nua cláir a bhéas i bhfeiliúint do lucht dílis an cheoil traidisiúnta agus don phobal leathan leathan féachana araon.” Proinsias Ní Ghráinne, Eagarthóir Coimisiúnaithe TG4

Tá an-áthas orainn an deis a bheith againn ceoltóirí náisiúnta agus idirnáisiúnta, chomh maith le ceoltóirí nua a chur ar an scáileán sa tsraith seo, agus muid ag súil go mór leis an bpáirtíocht úr seo idir TG4, TradFest agus Aniar TV.” Niamh Ní Bhaoill, Stiúrthóir Cruthaitheach Aniar TV

Cuireann Temple Bar Company fáilte roimhe an deis TradFest a roinnt le lucht féachána níos leithne leis an bpáirtnéireacht seo le TG4 agus Aniar TV. Tá TradFest ar an bhfód le trí bliana déag agus déanann an fhéile ceiliúradh ar oidhreacht cheoil na hÉireann. Tá cuid de na hainmneacha móra Éireannacha agus idirnáisiúnta ag seinm ag féile 2018. Tá féasta ceoil in ndán don lucht éisteachta agus féachana.” TradFest

Beidh Doireann Ní Ghlacáin mar láithreoir úrnua ar an tsraith, ceoltóir aitheanta as Baile Átha Cliath do Dhoireann de shliocht dhá theaghlach sár-aitheanta i saol an cheoil traidisiúnta na hÉireann í – Clann Uí Riada agus Clann Glackin. Cuirfimid aithne ar na ceoltóirí fríd shúile na mná óige ceolmhar seo.

Craolfar an tsraith TradFest ar TG4, léirithe ag Aniar TV do TG4, níos moille i 2018.

Breis Eolas:

Aniar TV – 066 91 52555, niamh@aniartv.ie
Niamh Ní Bhaoill, Stiúrthóir Cruthaitheach Aniar TV – 086 8185964
Ciarán Ó Maonaigh, Léiritheoir – 087 1389640

Cuir aithne orainn: