Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Tá sé fógartha ag TG4 inniu go bhfuil siad le Craobhchomórtais Pharasnámha Allianz na hEorpa a chraoladh. Beidh Dublin 2018 ar siúl in Ionad Náisiúnta Uisce Spórt Éireann ón Luan an 13 Lúnasa go dtí Dé Domhnaigh an 19 Lúnasa agus dhá sheisiún ar bun gach aon lá; tosóidh na babhtaí cáilithe gach maidin ag 10 am agus na babhtaí ceannais gach tráthnóna ag  6 pm ach amháin Dé Domhnaigh an 19 Lúnasa nuair a thosóidh na babhtaí ceannais ag 5 pm.

TG4 le Craobhchomórtais Pharasnámha Allianz na hEorpa de chuid World Para Swimming a Chraoladh

01.08.18

Craolfaidh TG4 na babhtaí cáilithe gach lá de na seacht lá, babhtaí a mbeidh súil ag foireann na hÉireann áiteanna a bhaint amach iontu.   Déanfaidh TG4 na seisiúin cheannais a shruthú beo ar sheinnteoir TG4.

Maidir leis an bhfógra faoi chlúdach TG4 ar Dublin 2018 dúirt Cathaoirleach LOC, Miriam Malone, ‘Táimid thar a bheith ríméadach go bhfuil TG4 le Dublin 2018 a chraoladh beo agus go mbeidh siad ar fáil do lucht féachana ar fad na tíre le breathnú orthu.  Is ócáid stairiúil í seo don tír, an chéad uair ag Éirinn mórimeacht idirnáisiúnta paraspóirt a reáchtáil. Is cinnte gur ábhar misnigh do lucht óg spóirt in Éirinn an 400 snámhaí a bheidh páirteach agus go dtabharfaidh siad ugach dóibh a gcuid aislingí spóirt a thabhairt chun fíre.  A bhuíochas do TG4 beidh siad in ann an t-aicsean ar fad a fheiceáil sa mbaile acu féin. Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh le Alan Esslemont agus le Rónán Ó Coisdealbha chomh maith lenár gcomhghleacaithe i World Para Swimming faoin bhfonn agus an díograis a bhí orthu seo a dhéanamh’.

Dúirt Ceannasaí Spóirt TG4, Rónán Ó Coisdealbha, ; “Tá ríméad orainn Craobhchomórtais Pharasnámha Allianz na hEorpa de chuid World Para Swimming a chraoladh beo ar TG4. Is iomaí imeacht agus clár ar leith atá curtha ag an ‘tSúil Eile’, faoi bhráid mhuintir na hÉireann agus cinnteoidh an chomhpháirtíocht nua seo go mbeidh teacht ag daoine ar fud an domhain ar an bhféasta snámha den chéad scoth seo. Táimid ag súil cumas spóirt na scoth-lúthchleasaithe seo a léiriú agus ar ndóigh táimid ag súil freisin go mbeidh roinnt bonn ag foireann na hÉireann faoi dheireadh na hócáide.”

Patrick Flanagan, Ellen Keane, Ailbhe Kelly, Barry McClements, Jonathan McGrath, Sean O’Riordan, James Scully agus Nicole Turner an t-ochtar atá ar fhoireann na hÉireann agus a mbeidh súil acu ar bhonn óir.  An tseachtain seo chugainn a bheidh clár iomlán imeachtaí na gcraobhchomórtas ar fáil don fhoireann.

Tá ticéid do Chraobhchomórtais Pharasnámha Allianz na hEorpa ar fáil le ceannach anois ag www.paralympics.ie . Cosnóidh ticéid do sheisiún na maidine €5 ar dhuine fásta, €3 ar dhaoine Faoi 16, ticéad teaghlaigh (2 duine fásta agus 2 leanbh) €10 agus ticéid do ghrúpa (2 duine fásta agus 8 leanaí) €25. €10 a bheidh ar thicéad duine fásta do na seisiúin tráthnóna, €3 an ticéad do dhuine F16 agus €20 ar Thicéad Teaghlaigh.

Tá tacaíocht ag Craobhchomórtais Allianz na hEorpa de chuid World Para Swimming ó Chumann Parailimpeach na hÉireann, Spórt Éireann, Snámh Éireann agus Fáilte Éireann.

Breis Eolas:

Rónán Ó Coisdealbha, Eagraí Spóirt TG4 – sport@tg4.ie, 087 2472841

Cuir aithne orainn: