Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Tá TG4 agus an comhlacht teilifíse Jeonju Television (JTV) ón gCóiré Theas le Meamram Tuisceana a shíniú an tseachtain seo lena mbunófar caidreamh leanúnach idir Éire agus an Chóiré Theas i dtaobh léiriúchán a fhorbairt.

Meamram Tuisceana le síniú idir
TG4 agus Jeonju Television

14.06.18

Faoin socrú nua, tá sé i gceist cláir agus ábhar den scoth a mhalartú, ábhar cruthaitheach a chomhléiriú, tacú le hiarrachtaí margaíochta agus forbairt a dhéanamh ar acmhainní daonna sa dá thír.

Is craoltóir seirbhíse poiblí é Jeonju Television a fhaigheann maoiniú ó Ghníomhaireacht Cumarsáide na Cóiré Theas (Korean Communications Agency – KCA) don chlár forbartha idirnáisiúnta seo. Is cuid den Roinn Eolaíochta agus Teicneolaíochta Faisnéise sa Chóiré Theas an KCA.

Tá ionadaithe ó JTV agus an KCA i gConamara an 13 & 14 Meitheamh. Tá siad ag tabhairt cuairt ar TG4, Údarás na Gaeltachta agus roinnt comhlachtaí neamhspleácha fad is atá siad anseo.

Is ar an 14 Meitheamh a shíneoidh TG4 an Meamram Tuisceana le JTV chun tús a chur go hoifigiúil leis an gcomhoibriú forásach seo.

Tá a mhacasamhail de Mheamram i bhfeidhm idir JTV & S4C na Breataine Bige le roinnt blianta agus an-rath air.

Deir Ardstiúrthóir TG4, Alan Esslemont:

‘Cuireann an Meamram Tuisceana seo leis an straitéis atá ag TG4 chun an tionscal cruthaitheach in Éirinn a fhorbairt. Tá sé fíor-thábhachtach do TG4 go mbeadh fás agus forbairt á dhéanamh ar an earnáil léiriúchán neamhspleách, go háirithe sna réigiúin.

‘Tá fócas faoi leith ag TG4 ar chláir agus ar sheirbhísí a choimisiúnú ó chuideachtaí a fheidhmíonn trí Ghaeilge. Tá cuid mhaith acu seo lonnaithe sna réigiúin agus sna ceantair Ghaeltachta ach go háirithe.

‘Coinníonn maoiniú TG4 na céadta daoine fostaithe san earnáil léiriúchán neamhspleách agus cuideoidh an Meamram Tuisceana leis an bhfostaíocht sin a bhuanú agus a neartú.

‘Cuid thábhachtach eile den straitéis atá ag TG4 ná cur le hidirnáisiúnú na gcomhlachtaí neamhspleácha agus is céim dhearfach eile chun cinn sa treo sin an Meamram Tuisceana seo.

‘Beidh deiseanna ann scileanna agus cumais daoine aonair a fhorbairt agus pobal idirnáisiúnta a aimsiú d’ábhar atá á chruthú in Éirinn freisin.

‘Tá áthas ar TG4 go bhfuil Údarás na Gaeltachta ag tacú leis an tionscadal seo agus go bhfuil siadsan sásta cabhair & comhairle a chur ar fáil do na comhlachtaí Gaeltachta a bheidh páirteach sa phróiseas’.

Breis Eolas:

Linda Ní Ghríofa, TG4 – 087 9172864, Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: