Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Tá fáilte curtha ag Ard Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont, roimh an allúntas breise de bheagnach milliún euro atá fógartha ag an Aire Stáit Seán Kyne inniu don stáisiún. Tá an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide & Comhshaoil tar éis maoiniú breise de €985,000 a cheadú do TG4 do 2018, le haghaidh tionscadail faoi leith a bhaineann le Bliain na Gaeilge agus tograí áirithe eile.

Beagnach €1m breise ceadaithe ag an Rialtas do TG4

23.07.18

Tugadh an méid seo le fios ag ócáid sheolta Straitéis Chorparáide TG4 i nGaillimh inniu.

De réir na straitéise cúig bhliana, tá de rún ag an gcraoltóir náisiúnta, TG4, cuidiú le bonn a chur faoi 160 post nua, brostú le forás agus cur leis an lucht féachana.

Ag labhairt dó ag an seoladh, dúirt Alan Esslemont, Ard-Stiúrthóir TG4:

“Tá muid thar a bheith buíoch as an t-airgead breise seo atá fógartha ag an Rialtas, a thugann aitheantas dar linn, don obair mhaith atá ar siúl ag TG4.

“Bíonn TG4 ina shiocair le nuáil i réimse mheáin chlosamhairc na Gaeilge.  Tá níos mó ná 75% de mhuintir na tíre den tuairim go bhfuil tionchar chun sochair ag TG4 ar an teanga.  Tá níos mó ná 500,000 duine de lucht féachana gach lá againn, 92% de lucht féachana na Gaeilge a mbíonn aird acu ar TG4 gach seachtain agus 48% den lucht féachana náisiúnta, céatadán a fhágann TG4 ar an 7ú cainéal is mó lucht féachana in Éirinn.

“Tá bonn á choinneáil ag TG4 faoi na céadta post in earnáil léiritheoirí neamhspleácha na hÉireann agus bítear dúthrachtach dáiríre maidir le samhlaíocht agus cruthaitheacht dhaoine cumasacha in Éirinn a chothú.

“Cruthaímid poist i gceantair réigiúnacha agus déantar sochar maidir le cúrsaí geilleagair in Éirinn.  I rith na ndeich mbliana anuas go dtí an bhliain 2017, chaith TG4 níos mó ná €200m san earnáil. Sa bhliain 2016, chuir TG4 €62m leis an ioncam náisiúnta agus cothaíodh níos mó ná 750 post.  Bíonn luach €2 ag geilleagar na hÉireann as gach €1 d’infheistíocht a dhéanann TG4 i dtionscail na cruthaitheachta in Éirinn.

“Is tráth cinniúnach seo ag TG4 agus ábhar ollmhór dúshláin le sárú. Craoltóir mionteanga dúchais atá in TG4 ach é i margadh mheáin chumarsáide an Bhéarla agus iomaíocht á dhéanamh leis ag comhlachtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta meán cumarsáide agus teicneolaíochta a bhfuil buiséid ollmhóra acu maidir le hábhar a léiriú.

“Cuirfear cor nua faoi thoradh feidhmíochta TG4 leis an straitéis seo. Tá de rún againn cur leis an sciar den lucht féachana faoin mbliain 2022 a oiread agus go mbeifear ar an 6ú cainéal is mó lucht féachana in Éirinn.

“Beidh aird leis an straitéis seo ar chuspóirí buntábhachtacha an bheartais phoiblí agus tabharfar buntáiste dáiríre i gcrích do gheilleagar na tíre, go háirithe sna réigiúin – sa chaoi is go mbeidh bonn á choinneáil faoi 930 post faoin mbliain 2022 agus níos mó ná €77m den ioncam náisiúnta á chruthú gach bliain.

“Tríd is tríd, fágfaidh straitéis TG4 níos mó daoine ag taobhú na Gaeilge ionas go gcuidítear le bonn daingean agus méadú foráis a chur faoi phobal na Gaeilge ar fud na hÉireann.

“Agus sinn ag féachaint le leibhéal na gcistí a thabhairt ar ais mar a bhíodh roimh an gcúlú eacnamaíochta, tá na riachtanais cistíochta íseal i gcomparáid leis an toradh atáthar ag iarraidh a thabhairt i gcrích.  Ardú 5% ar an meán in aghaidh na bliana ar an gcistíocht reatha a bheadh i gceist go ceann cúig bhliana chomh maith le hardú beag ar chistí caipitil.

“Tabharfaidh TG4 toradh fónta de réir na gcuspóirí seo i bhfeidhm i rith na mblianta 2018-2022, i gcomhar leis na páirtithe leasmhara príomhthábhachta eile, arna bhunú ar an straitéis eamhnaithe maidir le dhá dhream den lucht féachana agus ar an múnla foilsitheora/craoltóra atá againn”.

Breis Eolas:

Trevor Ó Clochartaigh – 087 2476624, trevor.o.clochartaigh@tg4.ie

Cuir aithne orainn: