Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Tá an scéala gur shínigh an tUachtarán Micheál D. Ó hUiginn barántas pardúin iarbháis Mhaolra Seoighe (Myles Joyce) maidir le dúnmharuithe Mhám Trasna in 1882 go mór sa nuacht ar fud na cruinne. Tá lear mór daoine i ndiaidh féachaint ar líne freisin, ar sheinnteoir TG4, ar an bhfadscannán faisnéise Murdair Mhám Trasna, a léiríonn an éagóir a tharla.

Scéal Phardún Mhám Trasna Scaipthe ar fud an Domhain

10.04.18

Tá aird faoi leith tugtha ag áisíneachtaí meán cumarsáide, macasamhail SKY, BBC agus cinn eile sa Bhreatain, mar aon leis an New York Times agus Irish Central sna Stáit Aontaithe, ar an bpardún stairiúil neamhghnách seo.  Ach, is dócha gur mó an díol iontais fós é go bhfuil suim nach beag léirithe sa scéal freisin, ag lucht nuachta i dtíortha eile, cosúil leis an Bhrasaíl, an Ungáir, an Indinéis, an Eilvéis agus an Rúis.

Tá an spéis chéanna le sonrú i measc lucht féachana suntasach atá ag an gclár ar líne go dtí seo freisin. Tá sé feicthe go forleathan ag cuid mhaith daoine in áiteanna chomh fada ó bhaile leis na Stáit Aontaithe, Ceanada, an Astráil, an Spáinn, an Fhrainc, an Ísiltír, an Ghearmáin, an tSeapáin, Singeapór agus Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, gan trácht ar chuid mhaith eile.

Scéal é Murdair Mhám Trasna, fadscannán arna choimisiúnú ag TG4 agus arna chómhaoiniú ag an BAI,  faoi dhúnmharú cúigear den teaghlach céanna i Mám Trasna in Iarthar na hÉireann in 1882 agus an t-iomrall ceartais a lean de bharr fianaise bhréige agus breabaireachta, agus faoin mbaint a bhí ag an gcás le titim rialtas na Breataine ina dhiaidh sin.  Craoladh an clár den chéad uair ar TG4 an tseachtain seo caite agus tá sé ar fáil go fóill ar fud an domhain, ar sheinnteoir TG4 ag www.tg4.ie/mmt.

Is é Colm Bairéad a stiúir Murdair Mhám Trasna atá bunaithe ar an leabhar ‘Éagóir’, a scríobh an tIar-Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin.  Ciaran Ó Cofaigh ó ROSG a bhí i mbun an léiriúcháin.

Seo sampla de na hailt faoin ábhar seo a d’fhoilsigh áisíneachtaí nuachta éagsúla, ar fud na cruinne.

Breis Eolas:

Trevor Ó Clochartaigh – 087 2476624, trevor.o.clochartaigh@tg4.ie

Cuir aithne orainn: