Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Seolfar sraith nua le TG4, ‘Gaeil UK’, ceithre chlár faisnéise faoi shaolta na nGael sa Bhreatain ag Féile Gaeil Learpholl an deireadh seachtaine seo.

Seolann TG4 ‘Gaeil UK’ ag Féile Gaeil Learpholl

26.10.18

Sa tsraith seo taistealaíonn an t-iriseoir iomráiteach, Seán Mac an tSíthigh, ó Ghlaschú go Londain chun bualadh leis na glúnta éagsúla d’inimircigh Éireannacha a bhfuil an Ríocht Aontaithe mar bhaile anois acu.

Le 60 míle farraige eadrainn agus muid ag roinnt stair chasta chomh maith, is iad na hÉireannaigh an pobal inimirceach is líonmhaire sa Ríocht Aontaithe. Buaileann Seán le glúnta éagsúla de na Gaeil sa Bhreatain, tír ina bhfuil siad fite fuaite i ngach gné den tsochaí, ach iad fós inaitheanta de bharr a bhféiniúlacht Ghaelach féin.

Is iad Aniar TV a léirigh ‘Gaeil UK’ do TG4. Craolfar na cláir ar an stáisiún náisiúnta Gaeilge ón 15/11/18 at 8pm. Agus beidh fáil go domhanda orthu chomh maith ar sheinnteoir TG4, ag www.tg4.ie/player.

Baineann an chéad chlár sa tsraith, a bheidh ar taispeáint ar an Satharn, 27 Deireadh Fómhair, ag 12.30pm, i Músaem Learpholl, le Gaeil atá ag cur fúthu i Learpholl, Leeds & Huddersfield. Roimhe sin freisin, taispeánfar scannán faisnéise ceoil eile le TG4, ‘Lomax in Éirinn’, a léiríonn an chaoi ar cuireadh an chéad LP riamh de cheol Éireannach i dtoll a chéile.

Cuireann an seoladh seo tús le comhpháirtíocht úrnua idir TG4 agus Féile Gaeil Learpholl.

Deir Bainisteoir Cumarsáide TG4, Trevor Ó Clochartaigh, “Tá áthas orainn a bheith ag obair le Féile Gaeil Learpholl. Suíonn an tionscadal seo isteach go maith le straitéis cúig bhliana TG4 agus muid ag dul i gcomhpháirt le heagrais eile chun an réimse leathan d’ábhar atá ag TG4 a chur os comhair pobail sa mbaile agus i gcéin. Airíonn muid go dtagann meon Féile Ghaeil Learpholl, a bhfuil clár ilgnéitheach, comhaimseartha, siamsaíochta idir lamha acu, le cur chuige TG4 ó thaobh ár ‘Súil Eile’ de freisin.”

Tá breis eolais le fáil ag www.tg4.ie agus ag  www.liverpoolirishfestival.com.

Breis Eolas:

Trevor Ó Clochartaigh – 087 2476624, trevor.o.clochartaigh@tg4.ie

Cuir aithne orainn: