Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Filleann an tsraith shuntasach CLG seo ar TG4 san Earrach le leagan amach nua uair a’ chloig. Beidh cúigear pearsa CLG faoi chaibidil, daoine go mbeadh clár uaire de dhíth chun cothrom na féinne a thabhairt dá scéalta pearsanta, lán d’eachtraí corraitheacha.  Is fíor-laochra iad uilig agus a gcáil imithe rompu. Sa tsraith seo, áfach, gheobhfar léargas iomlán agus pearsanta orthu agus faoina ngaol lena spórt agus leis an saol mórthimpeall orthu. Insíonn an scéal spóirt na bun fíricí a bhí riamh i gceist i gcláracha Laochra Gael síos tríd na blianta, ach téann an tsraith nua seo píosa maith thar na línte bána. Meallfaidh na scéalta pearsanta an lucht féachana ar thuras nua agus ar chlúdach nua teilifíse CLG.

Réalta peile agus iomána aitheanta sa séasúr nua Laochra Gael

09.02.18

Ag Tuiscint Lar Corbett

D’fhág Lar Corbett cuid dena heachtraí ba mhó, ab fhearr, agus ba cháiliúla riamh inár gcuimhní ar an iomáint chomh-aimseartha. Sa spórt agus ina shaol pearsanta, áfach, faigheann agus fuair daoine é dodhéanta tuiscint a fháil air. Iománaí iomráiteach, scéalaí cumasach agus fiontraí ann féin, cíoraíonn an chéad chlár sa tsraith an enigma thar a bheith siamsúil sin, Lar Corbett.

An Fíor Graham Geraghty

Fear lán le talann, fear as féin, fear dathúil agus fear teasaí anois agus arís, ba mhinic a bhí Graham Geraghty le feiceáil sna meáin thablóideacha sna 1990daí agus ag tús an chéid. Ó pheileadóir conspóideach agus iontach, go hoibrí sóisialta a bhíonn ag cuidiú le glúin óg caoi a chuir ar a saoil – tá aistear Graham – a bhí thuas seal agus thíos seal – lán d’eachtraí agus de scéalta suimiúla.

Ashling Thompson – Gaiscíoch Ban

All Star Camógaíochta, captaen buacach Uile Éirinn agus duine de dhíreach ceathrar lúthchleasaí Éireannach atá urraithe ag Red Bull, mainicín, abhcóide sláinte intinne agus grá geal na meán – ach bhí tráth ann gur fhéach todhchaí Ashling Thompson chomh dona sin nárbh ann do chor ar bith. Leanann an clár seo coimhlint epiceach Ashling go barr na camógaíochta – í ag teacht slán ar fhíor dhroch ghortú fisiciúil agus ar an dúlagar a chuir as go mór di.

Henry Shefflin – Rí na gCat

Bhí printíseacht mhall ag Henry Shefflin ach sheas sí leis, anois go ndeir go leor go mba é an t-iománaí ab fhearr riamh – deich mbonn Uile Éireann- níos mó ná éinne eile – agus scata mór gradaim Allstar. Ach lasmuigh dá chuid éachtaí ar na páirceanna imeartha, bhí níos mó i gceist le Henry agus tugann an clár seo léargas ar dhaonnocht dhraoi na hiomána.

Mickey Harte – Spiorad Dochloíte

Bunaitheoir na peile comhaimsearthaí, deirtear, ré stairiúil mar dhuine dena bainisteoirí peile ab éifeachtaí, saol pearsanta buailte ag tragóidí agus ag dúnmharú uafásach a iníne. Dhein Mickey Harte a rud féin, le corr chonspóid, ach níl aon laghdú tagtha ar a phaisean ná ar a spiorad don saol agus don gCLG.

Tá cúig uair a chloig thar a bheith éagsúil agus tá cúigear pearsa an difriúl óna chéile faoi scáth sa tsraith. Beidh mothúcháin, léargas, siamsaíocht agus dráma cinnte i ngach clár. Coimeádfaidh an tsraith an lucht leanta dílis atá aici thar na blianta agus ag an am chéanna, lucht leanta nua agus níos leithne a mhealladh.

Dúirt Uachtarán CLG Aogán Ó Fearghail, “Tá ríméad orm fáiltiú roimh shraith eile Laochra Gael ó TG4, a bhfuil an tóir céanna uirthi is a bhí riamh.  Tá mé ag tnúth go mór le héachtaí na laochra – cuid dena himreoirí is fearr a d’imir riamh- a fheiceáil, chomh maith le duine de na bainisteoirí is iomráití a sheas riamh ar thaobhlíne.  Ba cheart go mbeadh bród mór ar gach duine den gcúigear a roghnaíodh mar laochra, de bharr an méid a rinne siad ar son ár gcluichí agus ar son an Chumainn Lúthchleas Gael i gcoitinne.  Tá ard-mholadh tuillte acu dona rólanna a ghlac siad go léir.

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le TG4 don tacaíocht leanúnach a thugann siad dona cluichí Gaelacha ar iomaí slí, ní hamháin trí chraoladh na gcluichí ach le cláracha ard chaighdeáin mar na cinn seo. Baineann idir chléir agus tuath taitneamh as na cláracha seo agus baintear sult astu arís agus aris eile de bharr na gcuimhní iontacha a spreagann siad, ní hamháin dona himreoirí ach do gach duine ar an taobhlíne a bhí meallta ag a gcuid scileanna”

Chuir Leascheannasaí TG4, Pádhraic Ó Ciardha fáilte mhór roimh an tsraith nua.  “Is cuid lárnach de chlúdach cuimsitheach TG4 ar na cluichí Gaelacha é Laochra Gael,” a dúirt sé “agus is cinnte go gcuirfidh  cláracha an tséasúir nua tuilleadh le stádas agus le cáil na sraithe.  Tugann an fhormáid nua, uair an chloig do gach clár, an deis don lucht féachana aithne agus tuiscint dhoimhin a fháil ar gach laoch agus ar an dtiomantas pearsanta a thug go barr cumais iad.”

Arsa Léiritheoir Feidhmeach agus Stiúrthóir Bainistíochta Nemeton, Irial Mac Murchú: “Táimid an-bhródúil as gach a bhfuil bainte amach ag foireann léirithe Laochra Gael, le 156 clár déanta acu faoin am seo. I mbliana, táimid imithe níos doimhne isteach sna scéalta pearsanta, rud a thugann léargas breise ar an laoch, maraon le súil siar ar a laethanta imeartha” 

Laochra Gael TG4 9.30 i.n. gach Céadaoin ó 28ú Feabhra

Breis eolais:: Rónán Ó Coisdealbha, Spórt TG4   (087) 2472841   E-mail: sport@tg4.ie

  • Clár 1:  Lar Corbett, 9.30 i.n. Céadaoin, 28ú Feabhra
  • Clár 2:  Graham Geraghty, 9.30 i.n. Céadaoin 7ú Márta
  • Clár 3:  Aisling Thompson, 9.30 i.n. Céadaoin 14ú Marta
  • Clár 4:  Henry Shefflin, 9.30 i.n.  Céadaoin 21ú Márta
  • Clár 5:  Mickey Harte,  9.30 i.n.  Céadaoin 28ú Márta

Breis Eolas:

Rónán Ó Coisdealbha, Spórt TG4 – 087 2472841, sport@tg4.ie

Cuir aithne orainn: