Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Tá fáilte curtha ag TG4 roimh fhógra an tAire Dlí & Comhionannas, an Teachta Dála Charlie Flanagan, go bhfuil sé aontaithe ag an Rialtas treoir a thabhairt don Uachtarán Mícheál D. Ó hUiginn, a chearta bunreachtúil a úsáid chun pardún a thabhairt do Mhaolra Seoighe, a ciontaíodh agus a crochadh san éagóir, as dúnmharuithe chonspóideacha Mhám Trasna, a tharla in 1882.

Fáilte Roimh Pardún i nDúnmharuithe Mhám Trasna

28.03.18

Léirítear tacaíocht an Uachtaráin go mbronnfaí an pardún seo de bharr an éagóir stairiúil, sa fad scannán fáisnéise Murdair Mhám Trasna, atá le craoladh Dé Céadaoin seo chugainn ar TG4, ag 9.30pm.  Dar le saineolaithe áirithe, seo ceann de na hiomraill ceartais is mó le rá i stair dlí na Breataine agus na hÉireann.

Deir an tUachtarán Ó hUiginn sa scannán, “Bhí na nithe ar fad a thit amach ó thaobh an stáit de uafásach.  Bhí breabaireacht i gceist.  Ní bhfuair na cúisithe aon seans ceart iad féin a chosaint.   Ní raibh aon chomhionannas ná aon chothroime ag baint leis na córais dlí ag an am sin”

Bunaithe ar an leabhar ‘Éagóir’ a scríobh an t-iarChoimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin atá Murdair Mhám Trasna, agus tá seisean chun tosaigh sa bhfeachtas chun pardún a thabhairt i ndiaidh a mbáis do Mhaolra Seoighe agus do na fir eile a ciontaíodh san éagóir sna dúnmharuithe seo.

ROSG, comhlacht léiriúcháin as Gaillimh a léirigh Murdair Mhám Trasna do TG4, le tacaíocht ó Údarás Craolacháin na hÉireann. Tá an fadscannán roghnaithe le dul san iomaíocht thar ceann na hÉireann sa chatagóir staire ag Féile na Meán Ceilteach.

Tabharfar cuntas beacht ar na nithe a thit amach nuair a chraolfar Murdair Mhám Trasna an 4 Aibreán ag 9.30pm ar TG4 agus ar fud na cruinne ar sheinnteoir TG4.

Breis Eolas:

Linda Ní Ghríofa, TG4 – 087 9172864, Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: