Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Tosaíonn gach aistear in áit éigin agus i gcás Fleadh TV is in 2013 a thosaigh sé nuair a bhí an Fhleadh Cheoil i nDoire (dar teideal Fleadh Live an t-am sin).

Tús le aistir Fleadh ar TG4 an Domhnach seo

06.07.18

Clár a bhí ann ag teacht beo ó imeacht mór, clár atá anois ar cheann de na cláir is mó ag TG4 ní hamháin i gcaitheamh an tsamhraidh ach le linn na bliana ar fad.  D’fhéach breis is 700,000 duine ar an tsraith in 2017 i gcaitheamh deireadh seachtaine de sheónna beo. Ach ní hionann FleadhTV agus seónna ceoil eile teilifíse.  Tá sé ar cheann de na seónna is mó a mbíonn teacht air ar ardáin éagsúla agus ábhar le fáil ar an iliomad cainéal sóisialta. Le linn sheachtain na Fléidhe in 2017, féachadh milliún uair ar fhíseáin ar líonraí sóisialta FleadhTV féin. Is Fleadh an-sóisialta í!

Arna léiriú ag Gifted Empire Productions, a bhfuil dhá ghradam IFTA buaite acu.

Is iad seónna Fleadh TV i mí Lúnasa príomhábhar na sraithe ach i mbliana beidh seó breise ann agus mar sin beidh Fleadh TV ar siúil ó Déardaoin an 16 Lúnasa go Dé Domhnaigh an 19 Lúnasa, na laethanta sin san áireamh, ó 8.30pm-11.30pm gach oíche. I nDroichead Átha a bheidh Fleadh Cheoil 2018 ar bun agus táthar ar bís cheana féin faoi cheann d’imeachtaí móra an tsamhraidh.

ÁBHAR NUA i mbliana go mbeidh an Fhleadh ag filleadh ar an áit a dtosaíonn sí, sna Cúigí. Cumhdófar na ceithre cúige – Connachta i mBéal an Átha Móir, Co. Liatroma an 8 Iúil, Laighin i Muine Bheag an 15 Iúil, ansin go hInis, Co. an Chláir linn do Fhleadh na Mumhan an Domhnach an 22 Iúil agus ar deireadh go Fleadh Uladh i gCaisleán Uidhilín, Co. an Dúin an 29 Iúil. Craolfar gach seó ó 8pm go 9.30pm. Bíonn iomaíocht ghéar ag Fleadh na gCúigí agus is mór an t-údar bróid i measc phobal an cheoil thraidisiúnta áit a fháil ag Craobh na hÉireann.  Bígí ag súil le plúr na gceoltóirí nua agus ceoltóirí a bhfuil aithne mhaith orthu. Beidh Fleadh TV ar fáil ar fud na cruinne ag www.tg4.ie

Bíonn ceann feadhna ag teastáil ar chuile aisteach agus níl aon easpa ar Fleadh TV.  Beidh Hector Ó hEochagáin ar ais i mbliana chun sráideanna Dhroichead Átha a chur soir siar! In éineacht leis, bean nach raibh ar Fleadh TV cheana beidh an ceoltóir aitheanta agus an Gaeilgeoir Doireann Ní Ghlacáin. Nua i measc na foirne láithreachais freisin i mbliana beidh láithreoir  RTÉ Radio 1 agus príomhamhránaí The Evertides, Ruth Smith. Is í Doireann a bheidh ar an stiúir do Fhleadh na gCúigí agus ag cur na seónna i láthair in éineacht le fear nua eile, Aindrias de Staic.

Breis Eolas:

Linda Ní Ghríofa, TG4 – 087 9172864, Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: