Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Beidh féasta breá ceoil a rachaidh i bhfeidhm go mór ar lucht leanta an cheoil thraidisiúnta agus an cheoil tíre le feiceáil ar TG4 an Geimhreadh seo nuair a chraolfar an chuid is fearr de Tradfest bliantúil Bhaile Átha Cliath. Sraith nua sé chlár í seo a taifeadadh i roinnt de na hionaid is aitheanta sa phríomhchathair.

Meascán den Nua agus den Sean a bheidh sa tSraith Nua Ceoil TradfestTG4 a thosóidh ar TG4 Dé Domhnaigh an 25 Samhain ag 9.30pm

22.11.18

Ba iad Aniar a léirigh an tsraith, ‘TradfestTG4’ , agus d’éirigh leo nasc agus neasacht gach stíl den cheol thraidisiúnta, idir dhúchasach agus chomhaimseartha, a chur os ár gcomhair.

Tá rithim bhríomhar na féile ar leith seo, a tharraing aird an phobail le linn sheachtain bhreá ceoil i gcroílár Chathair Bhaile Átha Cliath i mí Eanáir, le brath i ngach clár. 

Is ar an gceol den chuid is mó atá na cláir seo bunaithe agus is fidléir agus amhránaí mór le rá í láithreoir an chláir, Doireann Ní Ghlacáin as Baile Átha Cliath. Bean í Doireann a bhfuil traidisiún ceoil mhuintir Uí Riada agus mhuintir Glackin go smior inti, agus cuireann sí an clár i láthair go heolasach agus go nádúrtha. 

Casaimíd leis na ceoltóirí i roinnt de na háiteanna is breátha i mBaile Átha Cliath agus nochtfar an paisean neamhchoitianta seo atá de dhíth chun cuisle cultúir na hÉireann a choinneáil ag bualadh.  Beidh plúr na gceoltóirí traidisiúnta agus ceoil tíre le feiceáil i mbun a gceirde in ionaid bheaga agus in ionaid mhóra The Printworks i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, ia measc.  Chuir ionaid eile mar Na Píobairí Uilleann agus The Fiddle Workshops ar Shráid Chéipil cúlra thar a bheith pearsanta ar fáil le haghaidh ceoltóirí aonair a bhí i mbun ceoil agus le haghaidh agallamh.

Taispeánfar roinnt den mheascán breá ceoil, idir cheol comhaimseartha agus cheol traidisiúnta a cuireadh chun stáitse le linn na féile seo ó cheoltóirí clúiteacha mar Séamus Begley, Frankie Gavin agus Téada agus ó cheoltóirí comhaimseartha mar Shelby Lynne agus Alison Moorer, I Draw Slow agus Martin Haley & Daniel Kimbor. 

“Tá ríméad orainn go bhfuaireamar an deis seo chun ceoltóirí náisiúnta agus idirnáisiúnta a chur os comhair lucht féachana ceoil thraidisiúnta TG4, lucht féachana atá ag dul i méid, agus chun roinnt de na ceoltóirí breátha nua eile atá ag teacht chun cinn anseo in Éirinn a chur in aithne dóibh,” a dúirt Stiúrthóir Cruthaitheach Aniar, Niamh Ní Bhaoill. 

“Léirigh Aniar an tsraith seo i gcomhar leis an Temple Bar Company agus TG4 chun an chuid is fearr de Tradfest a thaispeáint, agus chun go mbeadh fáil ag an méid lucht féachana agus ab fhéidir ar an bhféile chomh maith. 

Beidh ‘Tradfest TG4’, a stiúir Maurice Linnane agus a léirigh Ciarán Ó Maonaigh, ag tosú ar TG4 an 25 Samhain ag 9.30pm.

@TG4TV   #Tradfest

Tuilleadh eolais:

Breis Eolas:

Linda Ní Ghríofa, TG4 – 087 9172864, Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: